Minical
Sept - Meán Fómhair 2017Oct - Deireadh Fómhar 2017Nov- Samhain 2017
      1
2 3 4 5 6 7 8
9 10 11 12 13 14 15
16 17 18 19 20 21 22
23 24 25 26 27 28 29
30 31      
 Recent News
RSS Feed
« 1 ... 12 13 14 (15)
Conradh Na Gaeilge Events : Lá Fhéile Bríde
Posted by oifig on 2008/2/2 22:30:00 (26463 reads)


Mar is gnách, cheiliúir Conradh na Gaeilge Lá Fhéile Bríde le céilí teaghlaigh san Couper Institute oíche Shathairn 2 Feabhra. Sholáthair Frank Conway agus Danny McKendry na feagacha do na crasóga. Bheannaigh an sagart áitiúil an tAthar Hannah iad agus thug sé caint ghearr ar bheatha Naomh Bríd. Chuir Bella Hanlon an fhaílte thráidisiúnta roimh Naomh Bríd, agus thug an pobal an freagra.

Bhain óg agus aosta sult as an cheol ón bhanna “Ceol na hÉireann” agus bhí Pádraig McAleer ina fhear a’tí. Thug Kathleen McAleer agus a cara taispeántas damhsa agus thug Sarah Sweeney, Nóirín Downes, Eamonn Campbell agus Frank O Neill taispeántas damhsa ar an sean nós. I measc na namhránaithe a bhí Kevin Mitchell agus Pádraigín bean Mhig Fhloinn.

Tá buíochas mór tuillte ag achan duine a bhí páirteach san oíche, agus buíochas speisialta do na daoine a thug duaiseanna don chrannchur. Tá grianghraif na hoíche ar taispeáint sa Ghailearaí.

Read More... | 387 comments
Conradh Na Gaeilge Events : Drama Workshops
Posted by oifig on 2008/2/1 22:30:00 (55535 reads)



Bhí an t-ádh orainn Dé Sathairn 9 Feabhra nuair a tháinig Seán Ó Moronaigh as an Chomlachas Náisiúnta Drámaíochta agus Francie Cullen as Aisteoirí na Meevagh ar cuairt ar Ghlaschú. Is saineolaithe drámaíochta iad agus d’eagraigh said ceardlann do bhaill an Chonartha.
Bhí script an drama “Triúr Ban Ag Ól” acu, agus thug said cuireadh don ghrúpa páirteanna a léamh. Chaith an grúpa lá iontach suimiúil ag cleachtadh, ag foghlaim faoi mhodhanna aisteoireachta agus treoireacha stáitse.
Tá an Conradh ag brath an dráma seo a léiriú ag tús mhí Mheithimh --- data a bheith cinnithe. Má tá eolas breise de dhíth ort téigh i dteagmháil le Gráinne

Read More... | 439 comments
Conradh Na Gaeilge Events : Glaschú na nGael
Posted by oifig on 2008/1/4 22:40:00 (66534 reads)


D’eagraigh Conradh na Gaeilge I gcomhar leis An Lòchran agus le Colmcille deireadh seachtaine Gaelach. Thosaigh na himeachtaí oíche Aoine 25 Eanáir le ranganna i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban i Sráid Daisy, Govanhill. I ndiaidh na ranganna bhí seisiún ceoil i dtigh Sharkey sna Gorbals.

Bhí imeacht is tábhachtaí ann Dé Sathairn 26 Eanáir le cúrsa lae i nGaidhilg na hAlban do na hÉireannaigh agus Gaeilge na hÉireann do na hAlbanaigh. Bhí cúig mhúinteoir ann – Beathag Mhoireasdan agus Sím Innes ag teagasc Gaidhlig agus Cóilín Ó Floinn, Eithne Ní Ghallchóir agus Éamonn Ó Dónaill ag teagasc Gaeilge.

Read More... | 1197 bytes more | 436 comments
« 1 ... 12 13 14 (15)
 Archives
Conradh Na Gaeilge © 2007 CnaG